Fáilte Is Fiche Cúig Poem by Matt Mooney

Fáilte Is Fiche Cúig

Thréig mé mo thír mar theifeach
Ar fhaitíos go gcuirfí faoi ghlas mé;
Gan aon fhéachaint siar, go dóchasach,
A bhailigh mé liom go hÉirinn.

‘Mar chosa an ghiorria a bhi mo chos'
Mar b'iarann gach acht is dlí,
Bhi an sonas i bhfad an t-ám úd uaim-
Mé féin is mo chlann ar deoraíocht.

Is cuma liomsa fear ar bith
San tír álainn seo iomlán,
Táid araon mo léan i mbun a ngnó'
Agus tá mise ar an seachrán.

Is maith atá fhios ag na hÚdaráis
Céard is ainm dom go beacht,
Ach níl suim dá laghad acu, mo bhrón,
Mo dhignit a thabhairt dom ar ais.

Do bhí mo ghairm beatha fhéin agam
In Oirthear na hEoraipe tráth,
Go dtí gur thosaigh an chos ar bholg,
An lámh láidir is an leathtrom, lá.

Mar athair is a mhac tú féin is an stát
Ach ní mar sin atá i gcás gach éinne;
Lá éigin beidh fáilte is fiche romham
Ó Roinn Dlí is Cirt na h-Éireann.

Tiocfaidh ár lá an samhradh seo
Ar Lá Fhéile na Bealtaine - Bealtaine!
Mo cheadúnas oibre im' láimh agam-
Chun mé féin a chur in iúl mar dhuine.

Beimid in ár mbaill den Chómhphobal fial,
Beidh againn cárta chlub cúig is fiche:
Ní bheidh náire na dteifeach orm arís
Ná gá féachaint siar thar mo ghuaille.

A bhuí le Dia do na daoine mánla
Atá mar chairde liom ó thángthas
Don dream a luaim níl aon stróinséir
B'iad mo bhraithre in am an ghátair.

Anois ar theacht an tSamhraidh Ó,
'I'll tune my fiddle and I'll resin my bow'
Mo phost fhéin agam is páigh lae,
I bfhad ón tír in ar tógadh mé.


(Read my translation from Gaelic to English 'Club 25')

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Matt Mooney

Matt Mooney

South Galway, Ireland.
Close
Error Success