AN TEACH UISCE Poem by Nuala Ní Dhomhnaill

AN TEACH UISCE

Ar dtúis ba ina cuid taibhrí amháin
a thagadh sé chun luí léi.

Ansan lá
go raibh sí in ainm is a bheith ag aoireacht ba
i gCuaisín na gCaorach, (bhí sí ag léamh
The Old Curiosity Shop le Charles Dickens
is gan aon chuimhneamh aici ar bha ná a leithéid)
cad a chonaic sí ach na muca mara ina scuaine
amuigh sa chuan. Do gheit a croí:
is ann a cheap sí gurb iad na beithígh go léir aici féin
a bhí tar éis titim le haill go hobann isteach sa tsruth.
Cheap sí go bhfaigheadh sí leathmharú sa bhaile dá bharr
is do léim suas le teann líonrith agus uamhain
sarar thuig sí cad a bhí suas.
B'shin é an chéad uair a thaibhsigh sé chúichi ar an láthair.

Ina dhiaidh sin
tháinig sé arís is arís chúichi.
Ar dtúis b'ait léi an t-éadach aisteach a bhí air:
an lúireach, na loirgneáin cnámh éisc, is an cafarr,
na lámhainní fada déanta de chraiceann bradán is scadán.
Ní raibh aon oidhre eile air, dar léi, d'fhéadfá a rá,
ach carachtar neamhdhaonna éigin ó Bh-scannán -
‘An Créatúir ón Lagún Gorm' nó fiú King Kong.
Ach nuair a bhain sé do an clogad a bhí ar a cheann
is chraith a mhoing bhreá ruainní anuas ar a ghualainn,
chonaic sí go soiléir ainsin gurbh fhear óg a bhí ann.

Ansan tháinig lá
gur chuir sé a cheann ina hucht.
Bhí na míolta móra ag búirthíl thíos fúthu faoi loch
is na muca mara ina dtáinte gléigeala mórthimpeall.
(Sa tráthnóna thiar
do chonaic daoine a bhí ar an gcnoc le ba iad.)
Is i dteanga éigin iasachta a thuig sí
cé nárbh fhéidir léi na focail a dhéanamh amach i gceart,
d'iarr sé uirthi a cheann a ghlanadh
is na míola a bhí ag crá an chinn air a chnagadh
lena hingne fada.

Do dhein sí amhlaidh.
Bhí shí ag portaireacht go bog faoina hanáil
is í á bhréagadh nuair a baineadh aisti an phreab
is gheit a croí uirthi; bhí dúlamán is duileascar cloch
ag fás i measc rútaí na gruaige aige.
Thuig sí láithreach cad a bhí suas
is nár mhaith an earra é. Ansan
nuair a bhraith sí barraí na gcluas aige thuig sí leis
nach ar Labhraidh Lorc amháin an scéal
a bhí na cluasa capaill.

Cé gur bhrúcht brat fuarallais trína craiceann amach
do bhain sí míotóg amháin nó dhó nó trí
as a cromán is ní dúirt sí faic.
Lean sí uirthi ar feadh an ama ag cíoradh a chinn,
aag crónán is ag portaireacht,
ag gabháilt de shuantraithe is de ghiotaí beaga amhrán,
á bhréagadh is á mhealladh de shíor chun suain.
Ansan nuair a bhraith sí faid osnaíle
ag teacht ina anáil,
do scaoil sí snaidhmeanna a haprúin
go cúramach is go mear.

is thug dos na bonnaibh é.
Rith sí ins na tréinte tríd an bhfaill
go tigh a muintire. Ar dtúis
is slaod gibirise amháin i dtaobh rútaí feamnaí
is cluasa capaill a d'eascair as a béal. Ar deireadh
nuair a tuigeadh le deacaireacht agus faoi dheoidh
do lucht an tí cad a bhí á rá aici, d'aithníodar láithreach
is ar an bpointe boise gurb é an t-each uisce é.
D'éiríodar is d'fháisc suas orthu a gcuid balcaiscí,
a bhfearas airm is a n-éide catha,
is ritheadar amach ina mbuíon armtha
ar tí mharaithe.

Bhí seans léi, a dúirt na héinne, ina dhiaidh san.
Bhí, agus gur dhóbair di - aon bharrthuisle amháin,
aon ghníomh ar bith ceataí is bhí sí ite aige,
scun scan, beo beathúch, cnámha agus uile.
Trí lá i ndiaidh na tubaiste
seans go mbeadh a hae, an dá scámhóig aici is na duáin
le piocadh suas acu ar bharra taoide.
B'shin an sórt ainmhí é.
B'fhíor dóibh, do thuig sí san.
Mar sin féin do luigh imeachtaí an lae úd
go trom uirthi.
Do shuigh sí síos ar fhaobhar na faille
lá i ndiaidh lae eile

is í ag cuimhneamh ar loinnir uaithne
na súl bhfiarsceabhach aige a d'fhéach uirthi le fonn
a bhí chomh simplí san is chomh glan, folláin,
ina shlí féin le hampla ocrais;
drithle rithimeach na ngéag donn
is conas a chaolaíodar ina riostaí cúnga
ag rí na láimhe aige
Thar aon ní eile do chuimhnigh sí ar mhatáin
iallaithe a choirp a bhí chomh haiclí
is chomh teann le bogha i bhfearas. An teannas
a bhí ann, mar a bheadh sprionga tochraiste
a bheadh ar tinneall i gcónaí
is réidh faoi bhráid a athscaoilte.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success