OIDHREACHT Poem by Louis De Paor

OIDHREACHT

Ní féidir é a bhogadh,
an braon fola a doirteadh
ó thaobh mo mháthar ionam,
a d'fhág starrfhiacail chlaon
im charball uachtair,
bollán tochais i ngort
mo mharana, oghamchloch
a bhodhraíonn m'aigne
lena haibítir bhalbh.

Cuirim ordóg ramhar
fé fhiacail an fheasa
is labhrann an gallán
as íochtar comhfheasa amach:
Cúl le cine, cúl le cine
mar is dual cine ded shórt,
focail chomh crua
le gráinne gainimhe
fé chaipín súile
atá iata chomh dlúth
le sliogán oisre.

Nuair a osclaíonn
scian an tsolais
a bhéal ar maidin,
tá fiacail ar sceabha
i ndrad mo mhic,
agus gléas chomh hard
le niamh an phéarla
ar a gháire neamhfhoirfe gan teimheal.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success