osclaím mo dhán do nithe geala
seo isteach oráistí, is caisearbháin,
míle fáilte
suígí síos
is beidh mé libh
tagann isteach im dhán
cuach álainn sneachta ina gob
fáilte
cad seo?
milliún galún gréine
osclaím mo dhán do gach a bhfuil
a mbeidh a raibh
a d'fhéadfadh a bheith
dearúd
seo chugam isteach
seanchat
cos colúir ina bhéal
(chaith a leithéid tarlú)
buail fút
seachain an chuach
tá sneachta ina gob
faigh spás duit féin ansin
idir
oráistí is caisearbháin
cad as a dtáinís chugainn, a sheanchait?
cá bhfuil an chuid eile den cholúr?
osclaím mo dhán do na dúile
idir bheo is mharbh is
tagann eidhneán isteach tugann
sé leis falla
titeann an falla ar an gcat
dán tragóideach é seo
ar shlí
áit éigin ar dhroim an domhain
tá falla ag titim ar chat
ar leanbh
osclaím mo dhán arís do nithe geala
ach níl aon ní fágtha
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem