AN CRANN Poem by Nuala Ní Dhomhnaill

AN CRANN

Do tháinig bean an leasa
le Black & Decker,
do ghearr sí anuas mo chrann.
D'fhanas im óinseach ag féachaint uirthi
faid a bhearraigh sí na brainsí
ceann ar cheann.

Tháinig m'fhear céile abhaile tráthnóna.
Chonaic sé an crann.
Bhí an gomh dearg air,
ní nach ionadh. Dúirt sé
"Canathaobh nár stopais í?
Nó cad is dóigh léi?
Cad a cheapfadh sí
dá bhfaighinnse Black & Decker
is dul chun a tí
agus crann ansúd a bhaineas léi,
a ghearradh anuas sa ghairdín?"

Tháinig bean an leasa thar n-ais ar maidin.
Bhíos fós ag ithe mo bhricfeasta.
D'iarr sí orm cad dúirt m'fhear céile.
Dúrtsa léi cad dúirt sé,
go ndúirt sé cad is dóigh léi,
is cad a cheapfadh sí
dá bhfaigheadh sé súid Black & Decker
is dul chun a tí
is crann ansúd a bhaineas léi
a ghearradh anuas sa ghairdín.

"Ó," ar sise, "that's very interesting."
Bhí béim ar an very.
Bhí cling leis an -ing.
Do labhair sí ana-chiúin.

Bhuel, b'shin mo lá-sa,
pé ar bith sa tsaol é,
iontaithe bunoscionn.
Thit an tóin as mo bholg
is faoi mar a gheobhainn lascadh cic
nó leacadar sna baotháin
líon taom anbhainne isteach orm
a dhein chomh lag san mé
gurb ar éigin a bhí ardú na méire ionam
as san go ceann trí lá.

Murab ionann is an crann
a dh'fhan ann, slán.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success