AN CAISLEÁN NORMANNACH Poem by Aifric Mac Aodha

AN CAISLEÁN NORMANNACH

Tuigeann an duine conas titim isteach
Le dlíthe, teanga agus nósanna.

Sa chaisleán istigh,
Admhaíonn fuinneogín a leithead.

Agatsa raon na tíre,
Gan radharc ort ag éinneach.

Thánac ar bhroc is tú ar shiúl,
An corp faoi rigor mortis.

Ba den chríonnacht í inniu, a chuid
Nach rachainn á thaispeáint duit.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success