Sí an chorr réisc ina staic
a híomhá féin éin ina hiomláine
san uisce.
Bronnann sí a foighne gan faic
a dhúblaíonn an plána ar ais
in aisce.
Geit obann torann
preabann scrogall gan gogal
san airdeall.
Tumann inti féin arís go hionraic
líonann dá doimhneacht
ag stánadh.
Fanann ina haonchruth comhlán
dá gcorródh sheasódh lasmuigh
dá scáil.
Ionann iad. Féachann tríthi féin.
Is léir dá súile éin gach corraíl
go grinneall.
Taoide isteach taoide amach,
giobann goblach le straois ghoib
gaois' ársa.
...
Read full text