Tá crónán beach dostoptha ina broinn
Nach múchfar ach i dtonn bháite
Go coim
Seasann an mhaenad sa tsáile
Rud doráite
Ina súile ar déanamh na halmóinne
Gortóidh sobal goirt a pit ata
Ar ball agus gáirfidh sí
Cúbfaidh tonnta óna fraoch
Titfidh líomóidí is oráistí ina mbáisteach
Léimfidh éisc ildathacha
Agus beifear ar fad ar aon dord
Níos déanaí
Nochtfaidh réaltaí as an gciúnas
Faoi mar nár tharla faic
Faoi mar a bheadh an chéad chruthú ann
Fáiscfidh sí smugairle róin lena gabhal
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem