do Johnny Granville
Sháigh ár ndúiche, ón Daingean siar thar an nGráig,
A teanga chloiche dóite amach
Faoi Cheann Sléibhe a scriosann na leachtaigh.
Thall ,frámaithe ina mhacasamhail shnasta,
Ofrálann Íosa a chroí páipéir ag dó
Os ár gceann ar an raca,
Agus Rí an Rac lena "Chroí Adhmaid"
I réim ar thonnta Raidió Éireann;
Tarraingthe óna bábóga, chuir Cáit cluas uirthi féin
Agus chroch suas an t-amhrán:
Idir na fiacla diúil mantacha
Ghéill a teanga féin,
Teanga ríthe na hÉireann,
Do theanga an Rí
A sháigh í féin idir a beola
Ag lorg macasamhla
Dá cruthú craobhscaoilte -
Bíodh nach raibh focal aici
De Bhéarla an Rí
Le caitheamh chuig an madra.
Labhair a Daideo trína fhiacla mantacha fhéin
Faoin bpraiseach theanga
Agus faoi Chúchulainn, glan i gcoinne thonnta an aeir.
Abhus, i bPáras,
Ag seasamh le beár Johnny Granville faoin Sacré Coeur,
Trí theanga buailte isteach agam le pluc na dáiríreachta,
Mé oidhre ar Íosa,
Ag ofráil croí adhmaid Cháit
Iompaithe go páipéar anseo.
...
Read full text