Uaidh seo domhan dubh thú,
Na tíortha, na haigéin ar fuaid fad a chéile
Iairiglifí gan chloch Rosetta phóca againn chucu
Pirimidí, ilstóraigh, ard eaglaisí - cá bhfuilid?
Burla iad ar asal beag dubh
Ag iníor feadh bóithrín conaire matamaiticiúla!
Uaireanta crochtar eadrainn cuirtín meitéar;
Ansin bíonn eagla orainn go scriosfaí ár saitilít
Faoin gcith phíosaí cosmais ar saorthitim trín spás!
Anuraidh, ar chúrsa timpeall Véinis lorgaíomar thu
Le fada in aisce go bhfaca thú ar preabadh trasna scáileáin:
Blip!
...
Read full text