CAD É Poem by Liam Ó Muirthile

CAD É

Táim ó sheomra go seomra
ar fud an tí
ag lorg rud éigin,
is nach mbeidh fhios agam
cad é nó
go bhfaighidh mé é.

Ní hé an stán aráin é
an plúr garbh donn
ná an plúr mín bán,
cé go dtógaim amach iad
is go gcuirim sa mheá iad
is go ndeinim builín amháin.

Ní haon leabhar a bhíos a léamh é
más buan mo chuimhne
is a leagas uaim,
cé go seasaím ag na seilfeanna
is go bhféachaim tríothu
is go dtéim ar mo ghlúine ar an urlár.

Ní haon eochair a bhí uaim í
ní rabhas ag dul amach
níor fhágas aon ní ar siúl,
cé go bhfuilim ó sheomra go seomra
ar fud an tí
ag lorg rud éigin
is nach faic é
is go bhfuilim ag déanamh bróin chiúin.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success