Is in aeráid éigin eile
a ceapadh an pharáid seo
Corp Chríost a thabhairt ar mhórshiúl.
Samhlaím é ag baile
ag siúl anuas sráid chúng mheánmharach
teas na gréine á mhuirniú neomat ag cúinní cearnóg.
Nó Críost an turasóir anaithnid
agus a phas stampáilte go fuarchúiseach
ag fir chustaim gléasta mar is cóir.
Ach an pharáid stracaithe seo
coiscéimeanna as tiúin, stadach, báisteach ag bagairt,
deineann sé de gach teach ag gabháil thairis altóir.
Is na tráthnóntaí bruite óige
lag le teas, greamaithe de shuíochán i gcúl cairr
is guth as láthair sagairt i mbeola tannoy,
An rabhadar ar fad in aisce
nó an leor gur mhair i dtaisce
mothúcháin measctha le creideamh is cuimhne míchompoird?
Thugamar droim láimhe fadó riamh
nuair a dhúisigh an corp
dá spioradáltacht stálaithe díphutógach,
Ach féach anois gur dhúisigh
Corp Chríost nocht á iompar go tuathalach
míshuaimhneas arís ionat.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem