Tar éis na báistí. Seo an t-áth.
Siúilim liom tríd an gcoill.
Caidreamh collaí na n-éan ildaite.
Ardaíonn fuaimeanna bána go hard na spéire.
Glanann sruth na clocha.
Critheann matáin na gcloch.
Creathadh cráite chraiceann na duirlinge.
De réir mar a shéideann an ghaoth,
Casann an ghrian laistigh amuigh
Agus forsceitheann sí an pháirc.
Agus anois tugtar radharc gan teorainn dhuit.
Déanann an ghaoth sioscarnaíl i mo chluas,
‘Cogar, dá mbeadh an dúil agamsa a mbíonn ag an solas,
D'fhéadfainn an t-aigéan a chur ag snámh i gcam an ime!"
Gaoth, a amadáin álainn!
Le do chroí flaithiúil, fírinneach.
...
Read full text