FILE Poem by Aifric Mac Aodha

FILE

De bhéaloideas na hÉireann é go n-itheadh an file amhfheoil an chait roimh dhul i mbun pinn dó.
Ní iarrann sé de chothú
Ach conablach an chait:
Guíonn go mbeadh a ghoile
Á chnaí ag fiacla bioracha,

Go ngreamódh an samhnas
Ina screamhán dá theanga,
Go stollfaí an dá shúil istigh
Leis na hingne crúálacha.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success