FOCAL COSANTA Poem by Aifric Mac Aodha

FOCAL COSANTA

Leagtaí blaoscanna each
Faoi chúinní halla an damhsa tráth,
Go mbainfí macalla as boinn na mbróg,
Go mbeadh na fallaí ramhar le ceol.

Ba choscrach an ní é, a chuid,
Na cnámha sin faoin lár:
Ní liginn an scanradh le m'ais
Ach ghuínn go bhfantá i mo chomhair.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success