FOCAL FAOISIMH Poem by Aifric Mac Aodha

FOCAL FAOISIMH

Creidtear san íomhá thosaigh:
Na mílte is na mílte luchóg
Ag rith isteach is amach
I measc ráillí an iarnróid.

Achar sula ligtear aon fhead,
Airítear í faoina gcnámha.
Tagadh an traein, sa deireadh
Ach roimhe sin, asláithriú.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success