Níor tháinig do chaint leat fós,
ná níl aon chorrabhuais
ina thaobh san ort.
Cuireann briathra sna trithí tú,
is an modh ordaitheach,
ní mór ná go dtachtann le greann.
Dúisigh. Codail. Dein. Ná dein. Bí …
Tá do bhéarlagar féin agat,
réamhurlabhra a thuigfeadh dúramán
nó an teangeolaí féin le haimsir.
Straois. Strainc. Scread.
Gnúsacht. Meánfach. Tost
gur léir don uile a bhrí uilíoch.
Tán tú chun deiridh
de réir chairteacha na ndochtúirí,
na saineolaithe linbh leanbaí.
Ach má thugann tú leat,
mar is baolach go dtabharfaidh,
oiread focal is 'tá rialacha graiméar
i leabharlanna an Ghúim
ní déarfaidh tú aon ní
gur fiú aon ní in aon chor é
thar an méid a d'fhoghlaimís
in aragal na broinne,
poncaíocht do gháire droim ar ais,
díochlaonadh na fearthainne id dheoir.
...
Read full text