do Nuala McCarthy
Saolaíodh id bhás thú
is cóiríodh do ghéaga gorma
ar chróchar beo do mháthar
sreang an imleacáin slán eadraibh
amhail line ghutháin as ord.
Dúirt an sagart go rabhais ródhéanach
don uisce baiste rónaofa
a d'éirigh i Loch Bó Finne
is a ghlanadh fíréin Bheanntraí.
Gearradh uaithi thú
is filleadh thú gan ní
i bpáipéar Réalt an Deiscirt
cinnlínte faoin gCogadh Domhanda le do bhéal.
Deineadh comhrainn duit de bhosca oráistí
is mar requiem d'éist do mháthair
le casúireacht amuigh sa phasáiste
is an bhanaltra á rá léi
go raghfá gan stró go Liombó.
Amach as Ospidéal na Trócaire
d'iompair an garraíodóir faoina ascaill thú
i dtafann gadhar de shocraid
go gort neantógach
ar an dtugtar fós an Coiníneach.
Is ann a cuireadh thú
gan phaidir, gan chloch, gan chrois
i bpoll éadoimhin i dteannta
míle marbhghin gan ainm
gan de chuairteoirí chugat ach na madraí ocracha.
Inniu, daichead bliain níos faide anall,
léas i Réalt an Deiscirt
nach gcreideann diagairí a thuilleadh
gur ann do Liombó.
Ach geallaimse duit, a dheartháirín
nach bhfaca éinne dath do shúl
nach gcreidfead choíche iontu arís:
tá Liombó ann chomh cinnte is atá Loch Bó Finne
agus is ann ó shin a mhaireann do mhathair,
a smaointe amhail neantóga á dó,
gach nuachtán ina leabhar urnaí,
ag éisteacht le leanaí neamhnite
i dtafann tráthnóna na madraí.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem