OÍCHE NOLLAG IN AMIENS Poem by Derry O’Sullivan

OÍCHE NOLLAG IN AMIENS

Oíche Nollag phréachta,
Bean ag iompar naí,
A chic mar phiscín cráite,
I sac siopa Monoprix.

Oíche chiúin i mbeithilín
Géimneach bhó albastair,
Máthair, asal, lao, siúinéir
Ag meangadh roimh naí plástair.

Fear siúil ag dreapadh fuílligh
Mar a bhfeiceann sac ag speachadh,
Ag gol ar charn farasbairr
Amhail beach i gcoirceog sheaca.

Bolgann caintic Nollag
Beithil bhréagáin Íosagáin;
Faoi shúile bacaigh chabhrach
Saolaíonn mála áilleagán.

Fear siúil ar shliogáin uibhe,
Naí bruscair ar a ucht,
I mbindealáin a ghiobail,
Ag rith ón gcarn nocht.

Reonn Oíche Chiúin ar bheola,
Gabhann pobal Dé chun luí,
Sa ghaoth ag damhsa romhainne
Mála plaisteach Monoprix.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success