TARZAN AR DEORAÍOCHT Poem by Derry O’Sullivan

TARZAN AR DEORAÍOCHT



do Pat McGuinness is Joe O'Reilly ag an Irish World Heritage Centre, Manchúin
Arbh é mise nár ghoil
Ag sochraid m'athar
Ach gur dhóbair dom
Dhá ráithe dá héis
Éag dá chumha?

Nó mise a ghearr
Imleacán a gharmhic
Seachtain agus lá a adhlactha,
Mo charbhat dubh caointe
Ag luascadh mar thúiseán
Os cionn an naí nuabheirthe?
Ar stán na banaltraí
Ar straidhp chré a chónra
Ar ghualainn mo sheaicéid?
Níor thúisce tuirlingt ón eitleán
Ná siúd ar an gclinic mé
Gléasta chun báis
Ag féile na breithe!

Anallód,
Níor chré a d'iompair m'athair
Ach mise ar a shlinneáin
Mar ba Tarzan beag mé ar eilifint
Ag aonach Bheanntraí!

Caithim siar mo cheann,
Beag beann ar na coisithe -
Nárbh airde mé tráth ná a dTúr Eiffel! -

Nach cuma liom an mór is fiú,
An "comme il faut",
An t-ionadh ar bhéal gendarme?
Caithim siar mo bheola,
Líonaim mo scamhóga
De ghaoth na Séine
Agus
Béicim, béicim, béicim
In ard mo ghutha,
Mé Tiarna na dufaire
Ar deoraíocht
Ach ag craobhscaoileadh
A athghabhála ar ríocht eilifinte
Dá gcloisim a sodar cianda,
A trumpadóireacht cheana
Ag druidim liom thar na tonnta.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success