Tuesday, November 13, 2018

WALKING TIME Comments

Rating: 0.0

How's it going Da? Nhfuil tú ann?
Fós ag triall ar an dtobar sa Cork Arms?
An cuimhin leat an lá sochaideartha
gur thugamar do na boinn rubair é
sa Fiat Cinquecento go dtí Na Boinn,
gothaí Don Hurleone ort ach tú fós
ag rás ar raon na gcnámhóg id rothaí
ar na boinn chána cheal rubair chogaidh
id Cork County Champion on cinders i 1943?
A Chríost, Da, is deacair labhairt leat
i dteanga nach bhfuil agat is fós atá againn
eadrainn is a chruthaíos ar dtúis as carn
duala seíbhíní órga idir mo dhá ghlúin
gharsúin ag faire ort ó urláir -
gheibhim a mboladh anois chomh húr
le duilliúr ag fás ar chrainn, ní foláir
nó tá foraoiseacha crann séibhíní
duillsilteacha i bparthas na siúinéirí -
Cad a bhíos a rá? Sea, nó ag cnagadh ceol chasúr
ladhrach ar chéimeanna loma pianó-staighre
is a sheinnim anois ar an méarchlár
ar an mbord cistine ód bhinse ceirde,
is gan im theanga ach creilldeiriúcháin faoi mar
a chuala Bweeng á rá ar an raidió lá,
mar a sheinnfeadh sax Coltrane cuilithíní
nóta ar an Blue Train a dhingeadh
tionúir stoptha sa chroí ionam.
Cnagaim nótaí i dtiúin leis an moirtís is tionúr
id bhord neamhghuagach, ceann snoite ar cheann
sna cosa meadarachta ar chuma dhá leathrann
a shoífeadh Tadhg Dall is bheadh a sheasamh orthu.
You'd kill a pig on it, a dúraís-se,
mar a dheineadh feirmeoirí cois Abhann Móire
is tú id shiúinéir ar do phá ó thigh go tigh acu,
is bíonn laethanta go mbraithim fuil na muc á sá
ag doirchiú an bhoird fan snáithe an southern pine.
Ringeálann cling chreill Chorcaí
go binn ionam i gcónaí fóthoinn -
duán an ‘ng' le tocht go docht im ghut
is níl dul as ach é a scaoileadh amach -
ó thugainn féin do na boinn fóthoinn é
i sruth na habhann led thoireasc
faoi m'ascaill ó sháibhlia an Gheata Theas
ag snámh abhaile im sawfish
fan Sully's Quay is a cheist
You're Jim Hurley's son, so? gur theist
dhearfa í ar bheith i measc
línte sloinnte ar lámha na dtoireasc,
doirne na siúinéirí, Riordan, Hurley, Boyce,
fós ag clogadadh im phlaosc.
There's a smell of dead men from that
le greann ón ndorn dubh a fháisceann
greim docht ar phiúnt nach bhfuasclaíonn
an tart na an boladh a leath
le sinsearacht na marbh athartha ón gCarraig
is a d'fhág rian snasta cos ar chéimeanna
cúnga na gcloch ón mbarr anuas
is aníos ón mbun go barr
a chaithim leanúint trí thigh túir
an Chaisleáin nó is iad mo phúir iad.
Is iad a d'impigh orm éisteacht lena gcreill
ach nár thógas ceann díobh
mar nach rabhas ábalta air
cé gur thugas toradh orthu
lena gcogar cianda
anuas trí na glúnta
is ag bailiú ar mo thairseach
ársa agus comhaimseartha
ar aon bhuille in éineacht
is, le cúnamh an uile, scaipfidh a scáth uaim
Luigh Port Uí Shúilleabháin anuas
ar mo shlí ón nGeata Theas ar ball
cé go ndranann na fiacla casta
i mbéal Sully's aníos arís le call,
im walking time nach tráth siúil é
a thuilleadh ach slí faille eatarthu
ar chuma slí an tsáibhlia ag gearradh
faobhar nua ar dhraid lainne,
gach re fiacail casta i dtreo amháin
an fhiacail idir péire casta sa treo eile
ar nós do walking time féin tráth
a d'aistrís ó Na Boinn isteach sa chathair
is gur lámháileadh pá duit ar an am siúil
ón mbus go dtí do láthair
oibre is gur bhraithis den chéad uair
go raibh an t-ógánach tuaithe
ina fhear déanta lena chárta siúinéara.
Ach dá mhéid do shiúlta níor fhágais
do Dhuibhneacha sna Boinn riamh id dhiaidh
is nuair a thugamar do na boinn é an lá san
is ea a thuigeas go raibh na cnámhóga fós
á ngreadadh dearga agat faoi na boinn chána.
Is cuimhním i gcónaí ar an larch tumbling butt,
an fearas féir a dheinis d'fheirmeoirí,
braithim an ainm ag éirí dem theanga spring-loaded
is coca ar a barr ag spreangadh in iothlainn
mar a phreabfadh leathlaithe in airde san aer
ach a shiúlódh capall gan tackle as béal cairte.
Táim tnáite, Da, ag buillí pasúir ar mo theanga
mar a bhís-se tráth ag buillí casúir ag tiomáint tairne,
is nach bhfaightear as filí is siúinéirí araon
ach an lán anama a bhíonn iontu.
Tóg breá bog é, Da, ná bí dian ort fhéin
is bí dian in the things that matter,
nach é an marú nach mbíonn fhios againn
in am trátha cad é go díreach lár ár leasa,
is fiú nuair a bhíonn fhios againn é nach fiú linn
sinn féin é, an peaca is measa,
is go dtriailimid gach slí ag siúl na slí go dtí
nach mbíonn siúl ná seasamh ionainn feasta,
is gur chaitheas féin a fhoghlaim an athuair
conas mo dhá chois a chur ar an dtalamh -
uaireanta nuair a théim ar cuairt chugat féin
bíonn tú ag siúl ar phláinéad eachtrach
an domhain, greim amháin ar mhaide croise
is do bhoinn aeir ag lorg leibhéil ar ghrinneal
coincréite mar a bheadh do ghrinneas sároilte súl,
a léigh uillinneacha theodilite bunoscionn,
aistrithe síos go dtí cothrom na talún -
a Chríost, Da, tá an saol bunoscionn lenár n-éirim.
Cuair anchruthacha an ghrá a thug cor coise
dom bhoinn chomhchosacha, dá mhéid mo bhuíochas
duit ar son plána Euclid, teoragán Pythagoras -
muilte gaoithe a chíonn an muse ar an hypotenuse,
I know, Da, I was always a bit of a shaper.
Is nuair a thugamar do na boinn é go dtí Na Boinn
chuimhnís ar do dhuais don rás ar na boinn chána,
dhá mhadra poircealláin a thugais dod mháthair
is a bhí imithe gan tuairisc i measc do dheirféaracha,
go dtí gur bhailíomar sa tigh bán tar éis sochraid Nellie
ag mionstracadh litreacha teaghlaigh, ag líonadh málaí
plaisteacha de chomhraite pinn idir Dún Manmhaí
Chicago, Mala, Melbourne, Birmingham, Cill Fhionntain,
lán málaí de chogair chianda ‘I hope these lines find you well'
‘Jim's must be big now' ‘Are you coming down, Nell?'
is mé im stracaitheoir ag breacléamh is ag stracéisteacht
idir stracfhéachaintí ar na litreacha is ar an gcuid eile agaibh.
Chaitheas fágaint. Tháinig sibh ar phéire spáinnéirí
poircealláin i vardrús is ar phéire mar a chéile san áiléar,
teaghlach poircealláin spáinnéirí braoideálta lánfhásta.
Tá péire ar do mhatal is péire ar fhuinneog do sheomra
á fhéachaint le chéile le plé na súl don duais sna Boinn,
do shúile poircealláin féin is mo shúile mar a chéile leachtleibhéalta.
...
Read full text

Liam Ó Muirthile
COMMENTS
Close
Error Success