AS AN LIA NOCHT Poem by Michael Hartnett

AS AN LIA NOCHT

V

I nGleann an Chasúir tá fuil
sa bhainne is goileann gé
ar theallach folamh: tá cat
a d'at sa chuinneog, marbh.
(Do chroch leataobh muice é féin
ó rachta) is seasann tlú mar tharbh:
seo mo chéad chuairt go teach na tuí tréin'.

Seo áitreabh gharsún an áir
a dhaor chun báis fáth a shaoil:
fís chasúir a nocht dó
conas éaló ón nglae glas.
Cuireadh glaoch orm, an lia gan scian :
chaith mé diallait ar an dorchadas
is lean mé liom go tairseach a chinn.

Snámh snaidhm drise as teas a nid -
gach súil nimhneach mar sméar dubh:
crústáladh mé le cith caor
ó dhraighean maol na ndealg ndocht.
Chuala gearrcach ag cantain in ubh
chuala mé an tuí ag fás i dtocht
is síol sú craobh ag borradh i subh.

Ach tháinig mé slán ón scáth
slán amach as síon an ghleo.
Shrois mé clós gharsún an áir
agus b'iúd ann faoi shúil na ré
gráinneog ag crú an ghabhairín reo
druma á bhualadh ag gabhar sa spéir:
chuaigh mé amú thar theora na mbeo.

Shiúil mé isteach ina cheann
gan lansa ná luibh im láimh
(blaosc seilmide le lúb is cúb
fite fuaite mar dhorchla cúng).
Bhí macalla béice is guí gráin'
ag titim go tuibh ón bhfalla gruach
is samhail a athar 'na leac urláir.

"Bhuaileas, bhuaileas is bhuaileas é
is d'ól an ghé sú a chinn:
dá chloigeann dhein mé mias mhuc
's chuireas a shúile faoi chirc.
An chéad cheann ina ghliogar bhí -
ach briseadh an tarna ceann la crith
agus phreab aisti gríobh shicín."

"Tá an ghríobh fós im bhlaosc
am thraochadh agus am chrá -
cith doilís óm shrón anuas -
och, a lia, tabhair don síth!"
Dhiúltaíos é is thréig mé an áit.
chaitheas uaim mo chierd is mo stíl -
ní raibh im chroí ach smúr agus cáith,
bhí lár m'uchta ina ghrinneall garbh,
mé im lia nocht is mo othar marbh.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success