Ní raghaidh sé ort níos mó,
an gúna scoilte dlúthlecraiceann
a bheachtaigh, dar leat,
aistriú do cholainne néata
go dtí a cló cruinn lánbhaineann;
ní raghaidh sé ort níos mó.
Líonann an leoithne a chruth tréigthe
ar an líne scaoilte lasmuigh,
aimsíonn cuair agus ingir
ná baineann led chabhail tréasach níos mó
ó d'iompaigh isteach is amach id choinne
nuair a scar mar a bheadh cnáimhín súgach éin
cuas na gcnámh féd choim.
Tá sciorta fada fairsing
ag slaparnach led cholpaí ata
is giorranáil sa teas neamhchoiteann ort;
scaoileann tú cnaipe in uachtar do bhlúis
mar a bheadh béal úr in aice do chín
ag diúl an mhaith ón aer máguaird,
ag alpadh do chandam ocsaigine.
Ólann tú uisce
amhail is gurb shin é anois
do dhúil is gur bheag leat
mil a shú tré phóireanna leata do chnis;
tá t'aire chomh caol le hinchinn éisc órga
a dhearmadann iontais a chruinne gloine
le gach buille dá eireaball.
Le gach cor de chois is láimh,
dearmadann tú, is dóigh liom,
gur ann dom, ag snámh leat
tré leamhaer na cisteanach
mar a bheadh bairillí ola
sa tslí ort. Is an corp mar ghéis
im cheann dar thug mo chroí
a ghean síoraí, ní chuirfidh tú
ort níos mó, aintiarnas mo shúl
a leag crios caol crua ar do ghéaga móra,
chomh dlúth le nasc is cuing an phósta,
ní chuirfidh tú ort arís,
ní ligfidh tú ort níos mó.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem