TRÉIGTHE Poem by Louis De Paor

TRÉIGTHE

Nuair a bhíonn tú as baile
géaraíonn bainne úr sa chuisneoir,
dónn tósta uaidh féin,
balbhaíonn an guthán
is cailltear fear an phoist
ar a shlí chun an tí.

Cruinníonn Mormanaigh is Finnéithe Jehovah,
an minister is an sagart paróiste,
bean Avon is fear Amway
le chéile ar lic an dorais
chun m'anam damanta a dhamnú.
Ní fhéadfadh Batman mé a shlánú.

Plódaíonn sceimhlitheoirí is murdaróirí,
maoir tráchta is cigirí cánach sa chlós
ag pleancadh ar an bhfuinneog iata,
ag sceitheadh mo rún os ard
leis na comharsain chúiléistitheacha;
ní chuireann mo pheacaí coiriúla
ná mo choireanna peacúla
aon iontas ar éinne.

Sa doircheacht mheata bhalbh istigh
fáiscim do chumhracht
as bráillín fhuar,
cuardaím camán Chúchulainn
fén dtocht riastrach
cnapánach.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success