luaitear a ainm
agus siúd an crotal coille
ar fud na bhfud
dreacha
sa bhéilteach thine
is dual dóibh siúd athrú, leis
snag breac
ólann lán a ghoib
dá íomhá féin
bonnán ceo
beagán ar bheagán
an domhan ag dul as
margadh na míol in Valparaiso
clogad Gearmánach
is meirg air
ag scinneadh thar ghoirt na maidine
beireann ga gréine
ar mhún an ghiorria
ceobhrán na maidine
piocann colúr
ar aiseag an druncaera
an ghrian os cionn na Himáilithe
ólann mo mhiúil
as an nGainséis
maidin sheaca
nochtann spideog a brollach
don saol Fódlach
éigrit ina seasamh i murlach
éadaí á mbualadh
ar leaca
ag bun na Croise
iompaíonn seilide fuilteach
ina bhúda
gaotha ag éag
cosán tréigthe sléibhe
go dtí an seanséipéal
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem