Iarnród
Sa chiúnas roimh theacht na traenach
seasann sí ar an ardán lom,
a meabhair chomh briosc le poirceallán,
néaróga chomh teann le dorn iata.
I mála ascaille
lena giúirléidí cumhra,
tá cuimhní fada
ar shamhraití gan scamall,
oícheanta lán de challán aonaigh,
de cheolta Wurlitzer
ag tonnadh manaí grá ar a cluasa,
an t-aer ramhar le toit,
le boladh íle is allais,
aimsir bhreicneach
nuair a shiúladh sí an tsráid,
mus feamainne ar a craiceann órtha,
chomh seang le horláiste,
chomh drithleach
le haingeal tite.
Díríonn sí a drom
is critheann an domhan féna sála
nuair a bhrúnn an traein dorn iarainn
le gíoscán fiacal
isteach i ngabhal an stáisiúin.
I mbaile nua fan na slí, tá fear
a chíorfaidh an liath dá gruaig,
a choimeádfaidh spadántacht na mblian
óna meabhair is óna com,
fear eile fós a chiúineoidh
greadadh glórach a croí.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem