LIADHAIN Poem by Gabriel Rosenstock

LIADHAIN

(I)
Liadhain …
Bhí fios agam di.
Mé Cuirithir.
Le Dia a leath dhíom
le Liadhain an leath eile

An leath dhíom ar le Dia í
is seasc, marbh

An leath is Liadhain
is bruithneach

I ndoire sea luíomar le chéile
ba gheall le cnó á oscailt é
is á chur im bhéal
ag crobh cailce dofheicthe

Siolla níor labhair sí
ach nuair a dhún sí a súile
ba léir di an sú
ag éirí sna crainn
gur chuala sásamh ársa na gcraobh

(II)
Nuair a theann sí i bhfolach orm
chím gach áit í

Leanaim scáth an fhia
is an tseabhaic
líontar an doire lena héagmais

(III)
Nuair a dhúisíonn sí ar maidin
féachaim go domhain sna súile aici

Is tobar í
ina bhfeicim mé féin

ólaim asam féin

(IV)
Is í na gaotha í
an mhuir mheann -

An uile ní a chorraíonn
is nach gcorraíonn

Athrú i lár séasúir í
is í na ceithre ráithe í

Lá agus oíche is ea í
oíche agus lá

(V)
Codail anois, codail! Codail, a Liadhain
ar d'adhartán caonaigh, codail go caoin …

Dá bhféadfainn do thumfainn amach id shuan
d'fhonn bheith id thaibhreamhsa, a ghile, go buan.
I gcoim na foraoise is míshuaimhneach don torc
ach codail, is ná bíodh imní ort

(VI)
Féach! Liadhain sa linn
is í ag snámh ar a droim
mirabile visu -
sí an ghealach í
stoirm réaltaí
A Chríost, ná tar i m'aice
A Mhuire Ógh, iompaigh do shúil

(VII)
Chun Dé
ní théann
mo phaidreacha
níos mó
Liadhain Liadhain
ar bharr mo theanga

(VIII)
A cruth sa scamall
a gáire san aiteall
dathanna a hanama is ea
an bogha síne

(IX)
Rógheal í mo chumann
mé im ghráinneog
a dhúisíonn maidin earraigh róluath
goineann an solas mo shúile

(X)
Tormán easa i gcéin
ní stadann
scíth ní ghlacann
mo dhála féin
cúr mo bhriathra
san aer
blais de

(XI)
‘Liadhain! Liadhain!' ag an abhainn dubh
‘Liadhain!' an chuach sa ghleann
an maighre méith scairteann ‘Liadhain!'
‘Liadhain! Liadhain!' ag an eilit sheang

(XII)
Cíorann leoithní a folt án drúchtmhar
mé in éad leis na dúile …

(XIII)
Ach do shéid ina anfa oighreata
leagadh daracha
reoigh an scol i ngob an loin
bhúir tonnta uile Éireann

(XIV)
Níor liom mé féin níos mó
níor liomsa Liadhain ná a háineas
nocht Críost A chréachtaí -
ar mo shonsa, leis, a céasadh É.

(XV)
Ar leac seo m'urnaithe a chaillfear Liadhain
is mise i gcríochaibh aineoil

(XVI)
A Dhé! Tabhair le chéile arís sinn
naisc sinn - achainím ort - ar feadh aon oíche amháin
i bParthas róshoilseach na naomh

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Gabriel Rosenstock

Gabriel Rosenstock

Kilifane, Co. Limerick
Close
Error Success