MO MHÍLE STÓR Poem by Nuala Ní Dhomhnaill

MO MHÍLE STÓR

I dtús mo shaoil do mheallais mé
i dtráth m'óige, trí mo bhoige.
Thuigis go maith
go bhféadfaí mo cheann a chasadh
le trácht ar chúirteanna aoldaite,
ar chodladh go socair i gcuilteanna
de chlúmh lachan,
ar lámhainní de chraiceann éisc.

Ansan d'imís ar bord loinge,
chuireas mo mhíle slán i do choinne.
Chuireas suas le bruíon is le bearradh
ó gach taobh ; bhí tráth ann
go bhféadfainn mo chairde a chomhaireamh
ar mhéireanta aon láimhe amháin,
ach ba chuma.

Thugais uait cúrsa an tsaoil
is d'fhillis abhaile.
Tháinig do long i dtír
ar mo leaba.
Chlúdaíos le mhil thú
is chonac go raibh do ghruaig
fachta liath is díreach.

Fós i mo chuimhní
tánn tú bachallach,
tá dhá chocán déag i do chúl buí
cas.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success