D’fhéachas amach an fhuinneog,
is do chonac í ina
domhan beag féin,
Slabhra sí á dhéanamh aici,
is bata gaoithe
ag cuimilt a cuid gruaige
I ngáirdín pharrthais ag lorg
bronntanais do lá na máthar,
díreach ó chroí an nádúir
ag pulcadh plúiríní ina pócaí,
is ag iarraidh gach ceann
a bhailiú go cúramach.
Dordán na mbeach
ag teacht ina treo,
salaitheoir an aeir
Ionróir cheol an lae,
Fáilte Uí Cheallaigh, níl romhat,
a dhiabhal saolta!
Fan ar shiúl ón áit seo
a chladhaire Claonach!
nó gheobhaidh tú an páipéar
Banríon ar an móinéar mín,
is púca na mbeann
ag cothú ceilge
Phrioch an bheach í,
is le hiompú grod,
d’imigh sí léi ar a sáimhín só.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem
How wonderful to see you writing in Gaelic. I would love to see this in translation.