Ceannaín mogallach milis mar sméar -
A mhaicín iasachta, a chuid den tsaol,
Dé do bheathasa is neadaigh im chroí
Dé do bheathasa fé fhrathacha an tí,
A réilthín maidine tháinig i gcéin.
Is maith folaíocht isteach!
Féach mo bhullán beag d'fhear;
Sáraigh sa doras é nó ceap
I dtubán - chomh folláin le breac
Gabhaimse orm! Is gach ball fé rath,
An áilleacht mar bharr ar an neart -
Do thugais ón bhfómhar do dhath
Is ón rós crón. Is deas
Gach buí óna chóngas leat.
Féach, a Chonchúir, ár mac,
Ní mar beartaíodh ach mar cheap
Na cumhachta in airde é 'theacht.
Tair go dtím bachlainn, a chircín eornan,
Tá an lampa ar lasadh is an oíche ag tórmach,
Tá an mada rua ag siúl an bóthar,
Nár sheola aon chat mara ag snapadh é id threosa,
Nuair gur tú coinneal an teaghlaigh ar choinnleoirín óir duit.
Id shuan duit fém borlach
Is fál umat mo ghean -
Ar do chamachuaird má sea
Fuar agam bheith dhed bhrath.
Cén chosaint a bhéarfair leat?
Artha? Leabharúin? Nó geas?
‘Ná taobhaigh choíche an geal,'
Paidir do chine le ceart.
Ar nós gach máthar seal
Deinim mo mhachnamh thart
Is le linn an mheabhruithe
Siúd spíonóig mhaide id ghlaic!
Taibhrítear dom go pras
An luan láich os do chneas
I leith is gur chugham a bheadh,
Garsúinín Eamhna, Cú na gCleas!
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem