Anso, an ea, 'athair, a thosnaigh sé?
Gur dhein strainséirí dínn dá chéile?
Anso, and ea?
Fastaím a shílis riamh dár mórchuid cainte -
Fiú nuair aontaíomar leat:
Oidhrí ar eachtra nár aithin bolaith an phúdair
Ná na heagla,
Nár chaith riamh ruchar feirge
Is is lú ná san
A sheas . . .
D'éalaíomar uait thar Pháil na Gaelainne isteach;
B'shin terre guerre ba linn fhéin,
Is chuaigh sé de mhianach an Olltaigh
Ionatsa
Ár lorg a rianadh,
Ár dtabhairt chun tíríochais -
Civilitie Spenser
D'oibrigh irtsa a chluain.
Leanamarna treabhchas na máthar:
Kranz barrghaoitheach na Mumhan;
Ba tusa san seanabhroc stróinsithe,
Scheamhaíl ort ag paca spáinnéar.
Le haois ghnáthaoímar a chéile thar n-ais;
D'fhoghlaimís carthain,
Ach b'éigean fós siúl go haireach;
Do mheabhair agues th'acfainn chirt
Níor thaithigh cúl scéithe;
Comhaos mé féin is an stat,
Is níor chun do thola do cheachtar.
Óigfhear in easnamh, anaithnid, thú, 'athair,
San àit seo -
Ceileann neamart is tuathal an eochair ar m'intinn -
Ach an seanóir a charas le grà duaisiúl,
Cloisim a thuin aduaidh:
An cuimhin leat an t-aitheasc a thugais
Nuair nà raibh faiseanta fós?
Mar seo do ràidhis é:
I see no cause for rejoicing
That Irishmen once again
Are killing other Irishmen
On the streets of Belfast!
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem