OICHE NOLLAG Poem by Máire Mhac an tSaoi

OICHE NOLLAG

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith on gcnoc,
Adaigh an tine is téir chun an leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Fágaig' an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh scíth an bhóthair a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haiochta,
Cóiriú gan caoile, bia aguis deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

COMMENTS OF THE POEM

The poemis very beautiful, very simple. It expresses the very well the the greatness and simplicity of the event.

0 0 Reply
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success