do Susie Iremonger
Comhthalán daoine críonna!
Léithe in aimhréití ar bhaitheas!
Droinn agus dathacha! Maoile!
Roic agus múchadh súl!
Scáil a n-óige ó aithne -
Foghlaim na dáimhe seo an bás.
Ach age bun altórach
San áit ar leagadh an chomhra
Tithe gloine an bhróin!
Raidhse dhathanna an Earraigh!
Gorm, buí agus rós!
Tá na driféaracha ag gol -
Éamh mar mheanaithe i gcroí -
Ach ins na fraitheacha in airde
Cloisim cloigín a gáire
Airgeadtha agus álainn.
Baineann seanaois le coiteann;
Roghnaigh sise a mhalairt.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem