Bhí sí meallta leis an tír - tais ach tirim -
is leis na tithe lena dtinteáin is a gceol
cé go raibh ceol san fharraige
fuinneamh sna tonnta
an fheamainn choiréalach inchurtha
leis na meallta fraoigh
a bhí ag gobadh amach idir na carraigeacha
is leis an bhfeileastram dearg
a d'fhás ar thaobh an bhóthair
ar a bealach chun an bhaile.
Chuir na daoine fáilte roimpi
agus cé go raibh a fhios acu
gur fholaigh sí a clóca
i lochta nó i ngráinseach
gach uair a tháinig sí i dtír
níor deineadh iarracht é a bhaint di.
Agus gach uair a tháinig sí
bhain sí fúithi seal níos faide.
Bhí a fhios aici go dtiocfadh lá
a mbeadh uirthi rogha a dhéanamh -
d'fhéadfadh sí filleadh
fad is a bhí a fallaing aici.
Agus cé a bheadh ag iarraidh
bronntanas a mhilleadh?
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem