FAOI CHABÁISTÍ IS RÍONACHA Poem by Celia de Fréine

FAOI CHABÁISTÍ IS RÍONACHA

In ionad bláthanna a bhronnadh ar a bhean
agus é i mbun tochmhairc, d'fhrasaigh Risteard
bronntanais ar a máthair. I dtosach
tháinig na málaí plaisteacha, ansin na saic,
iad lán le glasraí a d'fhás sé féin is a athair.
Leasaithe go nádúrtha. Uiscithe faoi scáth
na hoíche i rith an triomaigh.
Turnapaí ar aon mhéid le do chloigeann.
Prátaí Rí Éadbhard as ar deineadh
na sceallóga ba shúmhaire. Cabáistí
sách leathan le ceathrairíní a cheilt.
Ní raibh bean Risteaird ag súil le ceathrairíní -
iníon a leanbh sise, í tugtha go mór
do fhrithbhualadh na glúine, ar nós a máthar.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success