Tá gnúis ghlé na Sionainne
Chomh mín is comh réidh,
Bainne nua blite í mbáisín
Láimh le Gleann Chorbraí;
Tá glioscarnach na gréine,
Taréis di éirí, ag preansáil
Ar uisce na beatha dúinne:
Dath an airgid uirthí anois
Idir seo is Contae an Chláir
Is í ar a bealach siar amach
Chun géilleadh don ghlao-
Tarraingt tréan na farraige
Thar Bhéal ar chlé, ag súil
Le spraoi i measc na dtonn.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem