Tá áthas ar Aingeal gur chuimhnigh sí ar a lapaí.
Agus is mór an áis di freisin, a culaith chait dhubh.
I dtosach bíonn imní uirthi eitilt róghar
don ghealach ar eagla go ndiúgfaí a cuid fola.
Is rud amháin é eitilt le linn taibhrimh -
ar an saol seo is gá iarracht níos déine a dhéanamh.
Dein dearmad ar mheáchan do choirp,
a deir sí, léi féin. Sín amach do ghéaga
ar nós curaidh céad mhéadar snámh brollaigh.
B'fhéidir gurb é seo an t-aon seans a gheobhas tú.
Ní theastaíonn uait fás suas i sluma,
fiche stór in airde. Gan chrainn. Gan jab.
Le héirí na gréine gabhann thar abhainn,
is tugann faoi deara dallóga liathdhearga
ag bolgadh as díonteach. Caith do shúil
thairis sin, a mholann di féin. Laistigh
stacaí leabhar, dealbha ón Oirthear.
Is ón urlár mailpe, croitheann a scáth chuici.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem