AN BHÁBÓG BHRISTE Poem by Nuala Ní Dhomhnaill

AN BHÁBÓG BHRISTE

A bhábóigín bhriste ins an tobar,
caite isteach ag leanbh ar bhogshodar
anuas le fánaidh, isteach faoi chótaí a mháthar.
Ghlac sé preab in uaigneas an chlapsolais
nuair a léim caipíní na bpúcaí peill chun a bhéil,
nuair a chrom na méaracáin a gceannaibh ina threo
is nuair a chuala sé uaill chiúin ón gceann cait ins an dair.
Ba dhóbair nó go dtitfeadh an t-anam beag as nuair a ghaibh
easóg thar bráid is pataire coinín aici ina béal,
na putóga ar sileadh leis ar fuaid an bhaill
is nuair a dh'eitil an sciathán leathair ins an spéir.

Theith sé go glórach is riamh ó shin
tánn tú mar fhinné síoraí ar an ghoin
ón tsaighead a bhuail a chluais; báite sa láib
t'fhiarshúil phlaisteach oscailte de ló
is d'oíche, chíonn tú an madra rua is a hál
ag teacht go bruac na féithe raithní taobh lena bpluais
is iad ag ól a sáith; tagann an broc chomh maith ann
is níonn a lapaí; sánn sé a shoc san uisce is lá
an phátrúin tagann na daoine is casann siad seacht n-uaire
ar deiseal; le gach casadh caitheann siad cloch san uisce.

Titeann na clocha beaga seo anuas ort.
Titeann, leis, na cnónna ón gcrann coill atá ar dheis
an tobair éireoir reamhar is feasach mar bhreac
beannaithe sa draoib. Tiocfaidh an spideog bhroinndearg
de mhuintir Shúilleabháin is lena heireabaillín
déanfaidh sí leacht meala de uiscí uachtair an tobair
is leacht fola den íochtar, fós ní bheidh corraí asat.
Taoi teanntaithe go síoraí ins an láib, do mhuineál tachtaithe
le sreanganna lobelia. Chím do mhílí ag stánadh orm
gan tlás as gach poll snámha, as gach lochán, Ophelia.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success