AN PRIONSA DUBH Poem by Nuala Ní Dhomhnaill

AN PRIONSA DUBH

Taibhríodh dom in aois coinlíochta
i mo leaba chúng sa tsuanlios aíochta
go rabhas i halla mór ag rince
i measc slua mór de mo dhaoine muinteartha,
le prionsa dubh.

Timpeall is timpeall do ghaibh an válsa,
bhí míobhán ar mo cheann le háthas,
ba mhear é a shúil, bhí a fhéachaint fíochmhar,
bhí bua gach clis i lúth is in aicillíocht
ag an bprionsa dubh.

Ach do plabadh oscailte an doras sa tsuanlios,
do chling soithí níocháin, do lasadh soilse,
bhí bean rialta ramhar ag fógairt ‘Moladh le hÍosa'
is do shuíos síos i lár an tsúsa is do ghoileas
i ndiaidh mo phrionsa dhuibh.

A dhreach, a mharc ní dhearmhadfad choíche,
a scáth ard baolach a bhíodh liom sínte,
mo bhuachaill caol in éag do mhill mé,
mo rí, m'impire, mo thiarna,
mo phrionsa dubh.

Is do m'iníon taibhríodh in aois a naoi di
gur oscail doirse in óstán draíochta
is duine éagsúil ag gach seomra acu á hiarraidh
is mar a dual máthar di (a chonách orm a thóg í) roghnaíonn
is toghann an prionsa dubh.

Is a iníon bháin, tóg toise cruinn dó,
ní maith an earra é, níl sé iontaofa,
is dúnmharfóir é, is máistir pionsa,
is sár-rinceoir é, ach cá ngabhann an rince
ach trí thinte ifrinn leis an bprionsa dubh.

Cuirfear faoi ghlas tú i gcás gloine iata,
nó faoi mar a bheadh doras rothlánach ina mbeifeá greamaithe
gan cead isteach nó amach agat ach an suathadh síoraí
soir agus siar tré phóirsí an tsíce
má ligeann tú a cheann leis an bprionsa dubh.

Nó beir mar a bhíos-sa i néaróis sínte
ceithre bliana déag, is mé spíonta le pianta
faoi mar a thitfinn i dtobar ar chuma Ophelia
gan neach beo i mo ghaobhar, ná éinne a thuigfeadh
toisc gur thugas ró-ghean do mo phrionsa dubh.

Nó gur shiúlas amach ar an nduimhche oíche duibhré
is dar an Mháthair Mhór is dar déithe mo mhuintire
a bhraitheas i mo thimpeall, do thugas móid agus briathar
go dtabharfainn suas an ní ab ansa liom ach mé a shaoradh ón bpian seo -
cén cás ach dob é sin mo phrionsa dubh.

Mar dob é an bás é, ina lúi i luíochán
in íochtar m'anama, ins an bpaibhiliún
is íochtaraí i mo chroí, de shíor ar tí
mé a ídiú gan mhoill is a shá ins an duibheagán
mar sin é an saghas é, an prionsa dubh.

Mar sin, a mhaoineach, dein an ní a deir do chroí leat,
toisc gur gabhas-sa-tríd seo leis ná bíodh aon ró-imní ort.
Ní sháróidh an bás sinn, ach ní shaorfaidh choíche,
ní lú ná mar a aontóidh an saol seo le chéile
sinne, agus ár bprionsa dubh.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success