AN TROMLUÍ IS TROIME Poem by Celia de Fréine

AN TROMLUÍ IS TROIME

Laethanta áirithe agus do lámh á sá
isteach sa chófra ar thóir cabáiste
thagtá ar chloigeann Alfredo Garcia.

Laethanta eile is tú i mbun dearnála
mheabhraítí duit duibheagán
as a bhféadfadh olc an domhain éalú.

Scaití agus cnaipe an oighinn á chasadh
chuimhníteá ar na sé mhilliún -
nocht bearrtha sa chithfholcadh.

Ach istoíche na cuirtíní tarraingthe
is an glas ar an doras
bhraiteá slán, tú féin is do chúram.

Ba chuma cá mhéad scéal scanrúil
a shleamhnaíodh isteach id chloigeann
níor taibhríodh duit an tromluí seo -

bhí cónaí ort i ndaonlathas,
tú féin is do chúram, faoi rialtas iontaofa
a chaomhnaíodh gach saoránach

i bhfad ó shaotharlanna fhir na seacbhuataisí.

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Close
Error Success