Is í bandiabhal mór na foraoise í
mo thuathmháthair. Seasann sí fiche troigh
os cionn goirt bhiabhóige, cabáiste Dúitseach.
Dorcha a haghaidh, níos dorcha ná goirme
na spéire, áit a ngoileann réaltaí ar aibhneacha,
ar locha, is ar ghaothscáth mo chairr.
Mura mbeadh an oiread sin deifre orm,
dhruidfinn amach ar an ngualainn chrua
is d'fhanfainn ann go mbainfeadh sí aisti mé.
D'fhéadfaimis beirt toirc a fhiach san fhoraois
is istoíche d'fhanfaimis tirim
faoi chaipíní sonais na nuabheirthe.
This poem has not been translated into any other language yet.
I would like to translate this poem